Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge. Tá féile na bliana seo ar siúl ón 1–17 Márta 2015.

Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.