Know your rights: Farm Assist means test // Tástáil acmhainne don Chúnamh Feirme

Question

How is income from different sources assessed for Farm Assist? I do some contracting as well as farming and my spouse works part-time. We have two children.

Answer (April 2017)

The means test for Farm Assist takes into account virtually every type of income you may have but it assesses different income in different ways.

Your income from farming and other self-employment (like contracting) is assessed as the gross income that you or your spouse may be expected to receive, less any expenses you incur to earn that income. From 8 March 2017, €254 of the income each year is disregarded for each of your two children (it would be €381 for a third or subsequent child). 70% of the balance is assessed (it was 100% up to March 2017).

Payments under rural environmental schemes such as GLAS and SAC are assessed separately from other farm income. €2,540 is deducted from the total amount of all these payments each year and 50% of the remainder is disregarded. Expenses incurred in complying with these environmental measures are then deducted and the balance is assessed as means. Income from an occupational pension or leasing of land or milk quotas is assessed in full. Capital (including any property that you do not live in) is assessed using the formula applied to means-tested social welfare payments.

If you have an off-farm job, €20 per day (up to a maximum of €60 per week) is deducted from your assessable weekly earnings and then 60% of the remainder is assessed as weekly means. Your spouse’s income from employment is assessed in the same way. If you have seasonal work, you are assessed on your earnings only during the period you are actually working.

When you apply for Farm Assist, a social welfare inspector will visit you and ask to see various documents. The inspector will then assess the costs incurred in running the farm. You are entitled to receive a copy of this farm income calculation.

You can get detailed information on how farm income is assessed at welfare.ie.

Ceist

Cén chaoi a ndéantar ioncam ó fhoinsí éagsúla a mheasúnú don Chúnamh Feirme? Déanaimse roinnt contraitheoireachta chomh maith leis an bhfeirmeoireacht, agus oibríonn mo chéile go páirtaimseartha. Tá beirt leanaí againn.

Freagra

Glactar san áireamh leis an tástáil acmhainne don Chúnamh Feirme beagnach gach cineál ioncaim a fhéadann bheith agat, ach déantar measúnú inti ar ioncam éagsúil ar bhealaí éagsúla.

Déantar d’ioncam ón bhfeirmeoireacht agus ó fhéinfhostaíocht eile (ar nós na conraitheoireachta) a mheasúnú mar ollioncam a mbeifí ag dúil go bhfaighfeá féin nó do chéile, lúide aon chaiteachais a thabhaíonn tú chun an t-ioncam sin a thuilleamh. Tugtar neamhaird ó 8 Márta 2017 ar aghaidh do €254 den ioncam gach bliain i leith gach duine de do bheirt leanaí (b’ionann é agus €381 i leith an tríú nó aon leanbh ina ndiaidh sin). Déantar 70% den iarmhéid a mheasúnú (b’ionann é agus 100% anuas go dtí Márta 2017).

Déantar íocaíochtaí faoi scéimeanna comhshaoil tuaithe ar nós GLAS agus SAC a mheasúnú ar leithligh ó ioncam feirme eile. Asbhaintear €2,540 de mhéid iomlán na n-íocaíochtaí sin gach bliain, agus tugtar neamhaird ar 50% den fhuílleach. Asbhaintear na caiteachais a thabhaítear chun comhlíonadh leis na bearta comhshaoil sin ansin, agus déantar an t-iarmhéid a mheasúnú mar acmhainn. Déantar an t-ioncam ó phinsean ceirde nó ó léasú talún nó cuótaí bainne a mheasúnú ina iomláine. Déantar an caipiteal (lena n-áirítear réadmhaoin ar bith nach gcónaíonn tú inti) a mheasúnú ach leas a bhaint as an bhfoirmle a cuireadh chun feidhme mar íocaíochtaí leasa shóisialaigh arna dtástáil de réir acmhainne.

Má tá post lasmuigh den fheirm agat, asbhaintear €20 in aghaidh an lae (suas chuig uasmhéid €60 in aghaidh na seachtaine) de do thuillimh sheachtainiúla agus déantar 60% den fhuílleach a mheasúnú ansin mar acmhainn sheachtainiúil. Déantar ioncam do chéile ón bhfostaíocht a mheasúnú ar an mbealach céanna. Má bhíonn obair shéasúrach agat, ní dhéantar measúnú ort ar do thuillimh ach amháin le linn na tréimhse ina n-oibríonn tú go hiarbhír.

Tabharfaidh cigire leasa shóisialaigh cuairt ort nuair a dhéanann tú iarratas ar Chúnamh Feirme, agus iarrfaidh siad chun amharc ar cháipéisí éagsúla. Is amhlaidh a dhéanfaidh an cigire measúnú ansin ar na costais a thabhaítear le reáchtáil na feirme. Bíonn tú i dteideal cóip den ríomh ioncaim feirme sin a fháil.

Is féidir leat eolas mionsonraithe a fháil faoin gcaoi a ndéantar measúnú ar an ioncam feirme ag welfare.ie.