Know your rights: Retirement age // Aois Scoir

Question

My employer says that I have to retire when I reach the age of 65. Can an employer make you retire at a certain age?

Answer (June 2017)

There is no single fixed retirement age for employees. If you are employed, your retirement age should be set out in your contract of employment. The usual retirement age in contracts of employment is 65.

Many contracts have provisions for early retirement from age 60 (or in some cases from age 55) and most have provision for early retirement on health grounds. Some occupations – for example, firefighters, An Garda Síochána and the Defence Forces – have provisions for earlier retirement.

While employment equality legislation prohibits discrimination on the grounds of age, employers are still allowed to set retirement ages in employment contracts. Since 1 January 2016, under the Equality (Miscellaneous Provisions) Act 2015 an employer may set a compulsory retirement age if the employer can objectively justify the retirement age of an employee. This could be for health and safety reasons, for example, the physical demands and requirements of the job.

If an employee has reached the employer’s mandatory age of retirement, this legislation provides that they may still be legitimately offered fixed-term contracts, provided that it is objectively justified. The provisions of the Protection of Employees (Fixed-Term Work) Act 2003 would still apply.

The Workplace Relations Commission (WRC) provides information on your rights and entitlements under employment legislation. For further information about your contract of employment and retirement age you can contact the WRC’s Information and Customer Service at Lo-call 1890 80 80 90 or through the website, workplacerelations.ie.

Ceist

Deir m’fhostóir go gcaithfidh m dul ar scornuair a shroichfidh mé 66 bliain d’aois. An féidir le fostóir iachall a chur ort dul ar scor ag aois áirithe?

Freagra

Níl aon aois áirithe le dul amach ar phinsean. Má tá tú fostaithe, ba chóir go mbeadh an aois le dul amach ar phinsean leagtha síos i do chonradh fostaíochta. Is í an gnáth aois a bhíonn leagtha síos i gconradh le dul amach ar phinsean ná 65.

Bíonn socruithe i roinnt mhaith conarthaí le dul amach ar phinsean go luath ó aois 60 nó i roinnt cásanna ó aois 55 agus tá socruithe ag formhór acu i gcomhair dul ar phinsean luath mar gheall ar chúrsaí sláinte. Tá socruithe ag roinnt gairmeacha beatha do scor níos luaithe mar shampla, fir mhúchta dóiteán, an Garda Síochána agus na Fórsaí Cosanta.

Ce go bhfuil cosc ar leithcheal ar bhonn aoise sa reachtaíocht um  chomhionannas fostaíochta, is féidir le fostóire aoiseanna scoir a leagan amach i gconarthaí fostaíochta go fóill.  Ó 1 Eanáir 2016, faoin  Acht Chomhionannas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2015 is féidir le fostóir aois scoir shainordaitheach a leagan síos ar an gcoinníoll go gcosnaítear é ar bhonn tosca oibiachtúla.D’fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar bhonn sláinte agus sábháailteachta mar shampla riachtanais fhisiciúla an phoist.

Má tá aois scoir shainordaithe an fhostóra sroichte ag fostaí, tá foráil sa reachtaíocht gur féidir conarthaí ar théarma seasta a ofráil dó, ar an mbonn go bhfuil tosca oibiachtúil ann dó. Bainfidh forálacha   An Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Socraithe) 2003 leis fós

Soláthríonn AN Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre eolas ar do chearta agus do theidlíochtaí faoin reachtaíocht fostaíochta. Chun tuilleadh eolais fai do chonradh fostaíochta agus an aois scoir is féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís Faisnéise agus Custaiméara ag Ló-Ghlao 1890 80 80 90 nó féach workplacerelations.ie.

Know your rights: Medical card and Domiciliary Care Allowance // An Cárta Leighis agus An Liúntas Cúram Baile

Question

I’m getting Domiciliary Care Allowance for my daughter so I was happy to hear that medical card cover was being extended to children who qualify for the payment. The medical card application form seems to require a lot of information that doesn’t appear relevant in this situation. Is there another way to apply?

Answer (June 2017)

You don’t need to complete the medical card application form to get the medical card for your daughter. The medical card for children who qualify for Domiciliary Care Allowance (DCA) isn’t subject to a means test so information about your income is not required.

Instead, you can register your child online by going to the website medicalcard.ie  and clicking on ‘Medical Cards (DCA)’. The site also has a form you can download if you prefer to apply by post.

You will need to provide the following information:

  • Your Personal Public Service (PPS) Number and contact details
  • Your child’s PPS Number and date of birth
  • The name and address of your child’s GP

The website includes a list of GPs who are participating in the scheme. If your GP of choice is accepting applications electronically, your child’s details will be sent to them. If not, you will be emailed a copy of the relevant details, which you can print out and bring to the GP.

Once the GP accepts your child to their GMS patient list, the registration will be finalised by the National Medical Card Unit and a medical card in your child’s name will be sent to you.

If you have questions about the medical card, you can call the information line on Lo-call 1890 252 919.

Ceist

Faighim Liúntas Cúram Baile do m’iníon mar sin bhí áthas orm a chloisteáil go mbeidh clúdach cárta leighis á leathnú amach go páistí atá incháilithe don íocaíocht. Tá go leor eolais ag teastáil ón bhfoirm iarratas don chárta leighis nach dóigh liom é a bhith ábhartha don chás seo. An bhfuil bealach eile chun iarratas a dhéanamh?

Freagra

Ní gá duit an fhoirm iarratais don chárta leighis a chomhlánadh chun an cárta leighis a fháil dod’ iníon. Níl an cárta leighis do leanaí atá incháilithe don Liúntas Cúram Baile (DCA) faoi réir tástála maoine agus mar sin ní theastaíonn eolas faoi d’ioncam.

In ionad sin is féidir leat do pháiste a chlárú ar-líne trí dul ar medicalcard.ie agus gliogáil ar ‘Medical Cards (DCA)’. Más fearr leat iarratas a dhéanamh trí phost, tá foirm le híoslódáil ann freisin.

Caithfidh tú an t-eolas a leanas a sholáthar:

  • D’uimhir PSP agus do shonraí teagmhála
  • Uimhir PSP do pháiste agus a dháta breithe
  • Ainm agus seoladh DG do phaiste

Tá liosta na DG atá páirteach sa scéim ar an láithreán gréasáin. Má ghlacann do DG roghnaithe le hiarratais leictreonacha, seolfar sonraí do pháiste chuige. Mura nglacann, seolfar cóip de na sonraí ábhartha trí ríomhphost chugat. Is féidir leat iad a chur i gcló agus iad a thabhairt don DG.

Nuair a ghlacann an DG le do pháiste ar a liosta SGM, déanfaidh Aonad Náisiúnta na gCártaí leighis an próiseas a chríochnú agus seolfar cárta leighis in ainm do pháiste chugat.

Má bhíonn ceiseanna agat maidir leis n gcárta leighis, is féidir glao a chur ar an líne faisnéise ag Íos-ghlao1890 252 919.

Information for exam students

You can get information about the Junior and Leaving Certificate exams on the State Examinations Commission’s website examinations.ie.

There will be regular updates throughout the exam period, 7 June to 23 June 2017.  

During this period, staff will be available to deal with queries from 8.30 am to 9 pm on exam days and from 9.30 am to 1 pm at weekends. The phone number for all enquiries is 090 644 2700.

Read more on education.ie.

 

Know your rights: Disabled Person’s Parking Permit // Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas

Question

Can I use my mother’s Disabled Person’s Parking Permit if I’m doing an errand for her?

Answer (June 2017)

The Disabled Person’s Parking Permit can only be used by the person to whom it is issued. The permit shows the name and photograph of the person it has been issued to and you cannot use it unless that person is with you.

The permit allows the holder of the permit to use the public parking spaces that are specifically assigned for vehicles being used by a person with a disability.

These spaces or parking bays have the wheelchair symbol painted on the ground or have a sign with the wheelchair symbol displayed. Most accessible parking bays are located near amenities such as shops and schools.

Car parking spaces with the wheelchair symbol are usually wider than most other car parking spaces to enable drivers or passengers with a disability to get from their car seat to their wheelchair.

A Disabled Person’s Parking Permit is only issued to a person with a disability. The parking permit can be used by the person with the disability for any vehicle they are travelling in. This means that a person with a disability being driven at different times by different people can bring the parking permit and display it in whichever vehicle they are using.

The Disabled Person’s Parking Permit is administered by the Disabled Drivers Association of Ireland (DDAI) and the Irish Wheelchair Association (IWA). Both organisations provide detailed information on using the Disabled Person’s Parking Permit.

Ceist

An féidir liom Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas mó mháthar a úsáid má dhéanaim timireacht di?

Freagra

Ní féidir ach an duine arna eisítear an Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas é a úsáid. Tá ainm agus grianghraf an duine arna eisíodh é ar an gcárta agus mura tusa an duine sin ní féidir leat é a úsáid.

Ligeann an ceadúnas do shealbhóir an cheadúnais áiteanna páirceála atá sainithe d’fheithiclí daoine le míchumas a úsáid.

Bíonn siombail cathaoir rotha péinteáilte ar an talamh na n-áiteanna páirceála seo nó bíonn comharthaí a bhfuil an siombail air le feiceáil. Tá formhór na spásanna inrochtana in aice le háiseanna ar nós siopaí agus scoileanna.

De ghnáth búionn spásanna páirceála a bhfuil an siombail orthu níos leithne ná formhór na spásanna páirceála eile chun ligean do thiománaithe nó dá bpaisinéirí atá faoi mhíchumas dul ó shuíochán a chairr go dtí a gcathaoir rotha.

Ní eisítear Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas ach do dhaoine a bhfuil míchumas orthu. Is féidir  an ceadúnas pairceála a úsáid le haon fheithicle a dtaistealaíonn siad inti . Ciallaíonn sé seo gur féidir le duine atá faoi mhíchumas atá mar phaisinéir i bhfeithiclí difriúla ag amanna difriúla an ceadúnas páirceála a thabhairt leo agus é a thaispeáint in aon fheithicle a úsáideann sé/sí.

Is é Cumann na dTiománaithe faoi Mhíchumas Éireann (DDAI) agus Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann (IWA) a riarann an ceadúnas páirceála. Tá mionsonraí eolais ag an dá eagraíocht faoin Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas.