Know your rights: Disabled Person’s Parking Permit // Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas

Question

Can I use my mother’s Disabled Person’s Parking Permit if I’m doing an errand for her?

Answer (June 2017)

The Disabled Person’s Parking Permit can only be used by the person to whom it is issued. The permit shows the name and photograph of the person it has been issued to and you cannot use it unless that person is with you.

The permit allows the holder of the permit to use the public parking spaces that are specifically assigned for vehicles being used by a person with a disability.

These spaces or parking bays have the wheelchair symbol painted on the ground or have a sign with the wheelchair symbol displayed. Most accessible parking bays are located near amenities such as shops and schools.

Car parking spaces with the wheelchair symbol are usually wider than most other car parking spaces to enable drivers or passengers with a disability to get from their car seat to their wheelchair.

A Disabled Person’s Parking Permit is only issued to a person with a disability. The parking permit can be used by the person with the disability for any vehicle they are travelling in. This means that a person with a disability being driven at different times by different people can bring the parking permit and display it in whichever vehicle they are using.

The Disabled Person’s Parking Permit is administered by the Disabled Drivers Association of Ireland (DDAI) and the Irish Wheelchair Association (IWA). Both organisations provide detailed information on using the Disabled Person’s Parking Permit.

Ceist

An féidir liom Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas mó mháthar a úsáid má dhéanaim timireacht di?

Freagra

Ní féidir ach an duine arna eisítear an Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas é a úsáid. Tá ainm agus grianghraf an duine arna eisíodh é ar an gcárta agus mura tusa an duine sin ní féidir leat é a úsáid.

Ligeann an ceadúnas do shealbhóir an cheadúnais áiteanna páirceála atá sainithe d’fheithiclí daoine le míchumas a úsáid.

Bíonn siombail cathaoir rotha péinteáilte ar an talamh na n-áiteanna páirceála seo nó bíonn comharthaí a bhfuil an siombail air le feiceáil. Tá formhór na spásanna inrochtana in aice le háiseanna ar nós siopaí agus scoileanna.

De ghnáth búionn spásanna páirceála a bhfuil an siombail orthu níos leithne ná formhór na spásanna páirceála eile chun ligean do thiománaithe nó dá bpaisinéirí atá faoi mhíchumas dul ó shuíochán a chairr go dtí a gcathaoir rotha.

Ní eisítear Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas ach do dhaoine a bhfuil míchumas orthu. Is féidir  an ceadúnas pairceála a úsáid le haon fheithicle a dtaistealaíonn siad inti . Ciallaíonn sé seo gur féidir le duine atá faoi mhíchumas atá mar phaisinéir i bhfeithiclí difriúla ag amanna difriúla an ceadúnas páirceála a thabhairt leo agus é a thaispeáint in aon fheithicle a úsáideann sé/sí.

Is é Cumann na dTiománaithe faoi Mhíchumas Éireann (DDAI) agus Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann (IWA) a riarann an ceadúnas páirceála. Tá mionsonraí eolais ag an dá eagraíocht faoin Cárta Páirceála Duine faoi Mhíchumas.