Know your rights: Medical card and Domiciliary Care Allowance // An Cárta Leighis agus An Liúntas Cúram Baile

Question

I’m getting Domiciliary Care Allowance for my daughter so I was happy to hear that medical card cover was being extended to children who qualify for the payment. The medical card application form seems to require a lot of information that doesn’t appear relevant in this situation. Is there another way to apply?

Answer (June 2017)

You don’t need to complete the medical card application form to get the medical card for your daughter. The medical card for children who qualify for Domiciliary Care Allowance (DCA) isn’t subject to a means test so information about your income is not required.

Instead, you can register your child online by going to the website medicalcard.ie  and clicking on ‘Medical Cards (DCA)’. The site also has a form you can download if you prefer to apply by post.

You will need to provide the following information:

  • Your Personal Public Service (PPS) Number and contact details
  • Your child’s PPS Number and date of birth
  • The name and address of your child’s GP

The website includes a list of GPs who are participating in the scheme. If your GP of choice is accepting applications electronically, your child’s details will be sent to them. If not, you will be emailed a copy of the relevant details, which you can print out and bring to the GP.

Once the GP accepts your child to their GMS patient list, the registration will be finalised by the National Medical Card Unit and a medical card in your child’s name will be sent to you.

If you have questions about the medical card, you can call the information line on Lo-call 1890 252 919.

Ceist

Faighim Liúntas Cúram Baile do m’iníon mar sin bhí áthas orm a chloisteáil go mbeidh clúdach cárta leighis á leathnú amach go páistí atá incháilithe don íocaíocht. Tá go leor eolais ag teastáil ón bhfoirm iarratas don chárta leighis nach dóigh liom é a bhith ábhartha don chás seo. An bhfuil bealach eile chun iarratas a dhéanamh?

Freagra

Ní gá duit an fhoirm iarratais don chárta leighis a chomhlánadh chun an cárta leighis a fháil dod’ iníon. Níl an cárta leighis do leanaí atá incháilithe don Liúntas Cúram Baile (DCA) faoi réir tástála maoine agus mar sin ní theastaíonn eolas faoi d’ioncam.

In ionad sin is féidir leat do pháiste a chlárú ar-líne trí dul ar medicalcard.ie agus gliogáil ar ‘Medical Cards (DCA)’. Más fearr leat iarratas a dhéanamh trí phost, tá foirm le híoslódáil ann freisin.

Caithfidh tú an t-eolas a leanas a sholáthar:

  • D’uimhir PSP agus do shonraí teagmhála
  • Uimhir PSP do pháiste agus a dháta breithe
  • Ainm agus seoladh DG do phaiste

Tá liosta na DG atá páirteach sa scéim ar an láithreán gréasáin. Má ghlacann do DG roghnaithe le hiarratais leictreonacha, seolfar sonraí do pháiste chuige. Mura nglacann, seolfar cóip de na sonraí ábhartha trí ríomhphost chugat. Is féidir leat iad a chur i gcló agus iad a thabhairt don DG.

Nuair a ghlacann an DG le do pháiste ar a liosta SGM, déanfaidh Aonad Náisiúnta na gCártaí leighis an próiseas a chríochnú agus seolfar cárta leighis in ainm do pháiste chugat.

Má bhíonn ceiseanna agat maidir leis n gcárta leighis, is féidir glao a chur ar an líne faisnéise ag Íos-ghlao1890 252 919.