Know your rights: Prescription charges // Muirir oideas

Question

I have a medical card but I seem to be paying more than the monthly cap for prescription charges for my family. Why would this happen and how can I get a refund?

Answer (April 2017)

If you have a medical card, there is a charge for each prescription item you receive. The prescription charge is €2.50, up to a maximum of €25 per month per person or family. For medical card holders over the age of 70 there is a reduced prescription charge, from 1 March 2017, of €2 per item up to a maximum of €20 per month.

Usually your pharmacy keeps records of how much you have paid in prescription charges and makes sure that you do not pay more than the limit each month. However, you may use different pharmacies in the same month, or your family members may not be set up as a family group, and you may end up paying more than the maximum.

If this happens, the Health Service Executive (HSE) will issue a refund without the need for you to apply for it. This is done on the basis of the information received from pharmacies. Refunds are issued every six months for amounts over €10. Amounts that are less than €10 are carried over to the next refund date.

You can set up your family as a family group on medicalcard.ie and print off a family certificate to give to your pharmacist. This will show all of the members of your family so that your pharmacy will not collect charges above the monthly limit. Your family is defined as you, your spouse or partner, any children under 16 years of age and any children between 16 and 21 years of age who are in full-time education.

If you do not have access to the internet you can ask your Local Health Office to help with setting up a family group. You can also call the HSE on 1890 252 919 or ask your local pharmacist who may be able to help you.

Ceist

Tá cárta leighis agam, ach dealraítear go n-íocaimse níos mó ná an t-uasmhéid míosúil do mhuirir oideas i leith mo theaghlaigh. Cén fáth an dtarlódh sé sin, agus cén chaoi ar féidir liom aisíoc a fháil?

Freagra

Má tá cárta leighis agat, baineann muirear do gach mír a fhaigheann tú ar oideas. Is ionann an muirear oideas agus €2.50, suas go huasmhéid €25 in aghaidh an duine nó an teaghlaigh in aghaidh na míosa.  Tá muirear oideas laghdaithe ann do shealbhóirí cárta leighis os cionn aois 70 bliain ó Dé Céadaoin 1 Márta 2017, €2 an mhír suas chuig uasmhéid €20 in aghaidh na míosa.

Is iondúil go gcoinníonn do chógaslann taifid faoin méid a d’íoc tú i muirir oideas, agus go ndéanann siad cinnte de nach n-íocann tú níos mó ná an teorainn gach mí. Is féidir leat leas a bhaint as cógaslanna éagsúla sa mhí chéanna ámh, nó b’fhéidir nach mbunófaí baill do theaghlaigh mar ghrúpa teaghlaigh, agus d’fhéadfá ní ba mhó ná an t-uasmhéid a íoc.

Má tharlaíonn sé sin, eiseoidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) aisíoc gan gá duit iarratas a dhéanamh ina leith. Déantar sin ar bhunús na faisnéise a fuarthas ó chógaslanna. Eisítear aisíocaíochtaí gach sé mhí i leith méideanna os cionn €10. Tugtar méideanna ar lú ná €10 iad anonn chuig an gcéad dáta aisíocaíochta eile.

Is féidir leat do do theaghlach a bhunú mar ghrúpa teaghlaigh ar medicalcard.ie agus deimhniú teaghlaigh a chlóbhualadh le tabhairt chuig do chógaiseoir. Taispeánfar leis sin gach ball de do theaghlach ionas nach mbaileoidh do chógaslann muirir os cionn na teorann míosúla. Sainítear do theaghlach mar tusa, do chéile nó do pháirtí, leanaí ar bith faoi bhun 16 bliain d’aois agus leanaí ar bith idir aoiseanna 16 agus 21 bliain d’aois atá san oideachas lánaimseartha.

Mura mbíonn rochtain agat ar an idirlíon is féidir leat iarraidh ar d’Oifig Sláinte Áitiúil chun cuidiú le bunú grúpa teaghlaigh. Is féidir leat glao a chur ar an HSE freisin ag 1890 252 919 nó iarraidh ar do chógaiseoir áitiúil ar féidir leo cabhrú leat.